Jump to content

Ailill Molt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAilill Molt
Beathaisnéis
Breith440 (Féilire Ghréagóra)
Bás482 (Féilire Ghréagóra)
41/42 bliana d'aois
Ardrí na hÉireann
463 – 482
← Coirpre mac NéillLughaidh mac Laoghaire →
Liosta Ríthe na gConnacht

← Nath Í mac FiachrachDauí Tenga Uma → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairNath Í mac Fiachrach

Feictear Ailill mac Nath Í (bás c. 482), ar a glaodh Ailill Molt, i gcuid is mó de liostaí Ard-Ríthe na hÉireann, agus glaodh Rí Connacht air fosta. Ní fios go cruinn cad as a leasainm molt (reithe nó gabhar coillte).

Dúradh gur mac Nath Í agus Eithne iníon Chonraigh Chais an ea Ailill. Dúradh fosta gurb dheartháir Néill Naoighiallaigh ab ea a sheanathair athartha, Fiachrae. Ba bhall desna Connachta an ea Ailill, de shliocht Choinn Chéadchathaigh, san áireamh muintir Uí Néill, Uí Briúin agus Uí Fiachrach, ainmnithe as seanathair Ailealla.

Cé nach bhfeictear sleachta Ailealla ina nArd-Ríthe, tá a gharmhac Eoghan Béal agus a fhionnó Ailill Inbhanda san áireamh mar ríthe na gConnacht. D'fhéadfadh é go raibh Mac Ercae mac Ailealla ina phearsa stairiúil tábhachtach, ach cumaiscítear sna hanála Mac Ercae mac Ailello Muilt agus rí Uí Néill Muircheartach mac Muireadaigh, ar a glaodh Muirchertach Mac Ercae air, ag meascadh an scéal gan dúchas leighis

Deirtear gur éirigh Ailill ina Ard-Rí tar éis bhás osnádúrtha Laoghaire mhic Néill, is dócha c. 463. Glacadh go forleathan i bhfoinsí ar son Uí Néill gurbh Ard-Rí é Ailill, agus dá bharr, creidtear gur sin mar a bhí.

Feictear a lán luanna dó i n-annála na hÉireann, ach creidtear gur cuireadh iad iontu níos deireanaí, nó gur as Lebor Cuanu anois caillte a tógadh iad. Instear sna scéalta gur mharaiodh é i rith catha ag Faughanhill, ag tríd in éadan mhic Uí Néill. De réir liostaí na ríthe, tháinig Lughaidh mac Laoghaire i gcomharbacht air.

Molann Thomas Charles-Edwards mar mhalairt ámh gur ceapadh Náth Í agus Ailill ina nArd-Ríthe in níos deireanaí anonn sna 7ú agus 8ú haoiseanna, nuair a mheasann sé gur tiomsaíodh na hannála gaolmhar le Naomh Pádraig, chun naisc idir Uí Néill agus géaga eile ná gConnacht a neartú.


Réamhtheachtaí
Nath Í mac Fiachrach
Rí na gConnacht
? – 482
Comharba
Dauí Tenga Uma
Réamhtheachtaí
Laoghaire mac Néill
Ard-Rí na hÉireann
459-478
Comharba
Lughaidh mac Laoghaire